Tá sé mar aidhm ag an togra Eorpach 'Íomhánna 3D' samhaltáin fíor-bheacht 3D agus réimse ábhair eile (macasamhail, téacsanna agus físeáin) a chruthú d'fhoirgintí agus séadchomharthaí íocónacha ar fud na hEorpa a bhfuil clú idirnáisiúnta ortha. Ina theannta sin, cuirfear an bailiúcháin digiteach seo ar fáil mar rochtain foinse oscailte.
I measc na 130 foirgintí agus séadchomharthaí as Éirinn a chuirfear ar fáil sa bhailiúchán seo, beidh ardchrosa mhaisithe, an mhainistir oileánach Sceilg Mhichíl, tuamaí pasáiste Chnóbha agus Sí an Bhrú agus tírdhreach deasghnách na Teamhrach.
Chomh maith leis an ábhar seo a chur ar fáil ar líne, beidh earnálacha oideachais, turasóireachta, tionscail cruthaitheachta, caomhnaithe agus monatóireachta suíomhanna oidhreacht chultúrtha in ann tairbhe a bhaint as an bhfoinse seo.
Leanfar ag cur leis na séadchomharthaí agus le feidhmiúlacht an suímh seo chun d’eispéiseas a shaibhriú.